Caighdeáin Ghairmiúla sa Mhúinteoireacht

Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Éilíonn an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001, 7.-(2) (b), ar an gComhairle cóid iompair ghairmiúil do mhúinteoirí, lena n-áireofar caighdeáin mhúinteoireachta, eolais, oilteachta agus inniúlachta, a bhunú, a fhoilsiú, a athbhreithniú agus a chothabháil. Foilsíodh na Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí i 2007, mar atá dlite san Alt sin. 

Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí 
 
Is mó buntáiste a bhaineann leis an machnamh aonair agus leis an ngrúp-phlé ar na Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí. Tá dhá nod-bhileog curtha le chéile ag an gComhairle Mhúinteoireachta.

Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh, nó breathnú, ar na Nod-bhileoga do Mhúinteoirí

Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh, nó breathnú, ar na Nod-bhileoga do Phríomhoidí agus ar dhaoine eile a bhfuil grúp-phlé á eagrú acu

Ba chóir na nod-bhileoga a léamh taobh le taobh leis na Cóid.

Athbhreithniú ar na Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí

Tá tús curtha ag an gComhairle faoin tráth seo le próiseas athbhreithnithe ar na Cóid Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus fáilteofar roimh aischothú ó mhúinteoirí agus ó dhaoine eile i bpobal an oideachais maidir le haon ghnéith de na Cóid. Seol do thuairimí ar ríomhphost le do thoil ar an bhfoirm aischothaithe chuig coid@oide.ie nó sa phost chuig, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. 
 

Classroom