Baile
Fáilte
Fáilte chuig láithreán gréasáin na Comhairle Múinteoireachta, an comhlacht gairmiúil don mhúinteoireacht in Éirinn. Bunaíodh an Chomhairle Mhúinteoireachta ar bhonn reachtúil i mí Márta 2006 chun an mhúinteoireacht mar ghairm ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a chur chun cinn, chun forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chothú agus chun caighdeáin a rialú sa ghairm.
Ar an láithreán gréasáin seo beidh fáil agat ar eolas faoi chlárúchán, faoi oideachas múinteoirí, agus faoi gach gné eile d’obair na Comhairle mar aon le rochtain ar na scéalta nuachta is déanaí, ar fhoilseacháin ar líne agus ar nuachtlitir na Comhairle, Oide.
Athbhreithniú ar Chritéir Clárúcháin don Mhatamaitic (Iar-Bhunoideachas)
Tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an gComhairle Mhúinteoireachta ar na critéir ábhair curaclaim don chlárú ar bhonn cáilíochta sa Mhatamaitic. Is cosúil go dtabharfar isteach critéir ábhair curaclaim leasaithe go luath i 2011 agus bainfidh sé seo le gach iarratasóir a bheidh ag cur iarratas isteach don chlarúchán ó 01 Iúil 2011.
Ba chóir d’iarratasóirí a bhíonn ag éileamh clarúcháin bunaithe ar Mhatamaitic a bheith sa chéim acu (m.sh. Céim Baitsiléir Inealltóireachta nó Céim Baitsiléir Eolaíochta) iad féin a chur ar an eolas faoi, agus a chinntiú go gcomhlíonann siad, critéir clárúcháin ábhair na Comhairle Múinteoireachta don Mhatamaitic agus/nó don Mhatamaitic Fheidhmeach maidir le clúdach (30% den chéim, nó 54 creidiúintí ECTS) agus ábhar (féach láithreán gréasáin CNCM don Churaclam sa Mhatamaitic agus sa Mhatamaitic Fheidhmeach).
Ba chóir d’iarratasóirí a bheith san airdeall freisin faoi riachtanais an chlárúcháin mar atá leagtha amach i Rialúcháin na Comhairle Múinteoireachta [Clárúchán] 2009 (Rialúchán 4 agus 5) agus na riachtanais fostaíochta mar atá in Imlitir ROE 0040/2010. Má aithnítear easnaimh sa chlár céime, ba chóir d’iarratasóirí a thuiscint go mbeidh orthu modúil bhreise a dhéanamh sa Mhatmaitic agus/nó sa Mhatamaitic Fheidhmeach chun na critéir ábhair curaclaim a shásamh.
An bhfuil se i gceist acu tosú ag múineadh nó scoil a athrú sa Scoilbhliain 2010/2011?
Má bhíonn se i gceist agat post múinteoireachta a ghlacadh i scoil a bhfuil maoiniú aici ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar nó i ndiaidh Meán Fómhair 2010, beidh ort a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar mhaithe le himlitreacha fostaíochta na Roinne a chomhlíonadh.
Molann an Chomhairle go láidir d’iarratasóirí cur isteach ar an gclárúchán ar a laghad ceithre mhí sula mbíonn tús le cur leis an bhfostaíocht. Ba chóir d’iarratasóirí aird a thabhairt go nglacann sé idir 6-8 seachtainí faoi láthair gnáthphróiséas Seiceála an Gharda Síochána a chur i gcrích.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an mbealach le cur isteach ar an gclárúchán ar fáil trí ghliogáil anseo.
Naisc a mbíonn tóir orthu go minic:
An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
Guthán: LóGhlao 1890 224 224 nó (01) 6517900
Facs: (01) 6517901 R-phost: eolas@oide.ie







